School: Inistrághamhóir (roll number 15449)

Location:
Inis Treabhair, Co. Galway
Teachers:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 113

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 113

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inistrághamhóir
  2. XML Page 113
  3. XML “Rí an Domhnaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus cailleadh a athair agus a mháthair. Níor tháinig aon lá ba gairbhe ná an lá a cailleadh a mháthair agus níor tháining aon lá ba bhréaghtha ná an lá a cailleadh a athair.
    Nauir a bhí an bheirt chúrtha aige annsin dubhairt an Mac go gcaitfheadh sé fághail amach cén fáth a bfuáir a mháthair lá garbh agus a athair lá breágh. D’imthigh leis agus bhí sé ag siubhal go raibh sé in’oidhche, casadh isteach I dteach é, dith sé agus d’ól sé a sháith agus d’innis sé cá raibh a thríal. Má faghann tú amach sin arsa fear an tighe leis gheobfhaidh tú tuairisg domsa cén fáth nach féidir an braon anuas a choinneál amach as taobh na gaoithe den teach agus choinneóchadh rud ar bith an broan amach as an taobh eile.
    Déanfaidh sin arsa an fear bocht agus d’imithigh leis gur tháinig sé isteach idteach eile agus dfiafruigh bean an tighe de cá raibh sé ag dul. Dinnis sé dí. Má fhághann tá an teolas sin ar sise geobhfaidh tú amach dhomsa cén fáth nach bposfhadh m’inghean an fear a phosfhadh í agus go bposfhadh sí an fear nach bposfhadh í. Tá go maith ar seiseann.
    D’imthigh leis go dtí go dtáinig sé go dtí teach eile agus bhí beirt ghreasaithe sa teach agus chuir túairisg fáth
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Collector
    Seósamh Ó Curraidhín
    Gender
    Male
    Age
    16
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Curraidhín
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway