School: Leitir Caltha (roll number 13952)
- Location:
- Leitir Calaidh, Co. Galway
- Teacher: Donncha Ó hIarfhlaithe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Caltha
- XML Page 076
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ón teach. Lá amháin bhí an bhean seo ag tabhairt tabhairt [!] beatha chúig na muca. Chonnaic sí bean ag teacht agus ag tabhairt cuid de'n bheatha leithe agus dhá ithe. Níor chuir sí aon suim innte. An dara lá tháinig an bhean aríst agus rinne sí an rud céadna a rinne sí an chéad lá. Nuair a chuaidh sí abhaile san oidhche d'innis sí dhá fear na taobh. Tabhair leat chuig an teach amáirach í agus tabhair bídh de má thagann sí inéinfacht leat. Lá ar na bhárach tháinig an bhean aríst. D'fhiafruigh an bhean seo dhe cé'n fáth i bheith annsin. Tá mé sa gclochar sin thall le bliadhain deir sí inéinfacht le na sideogí. Acht níor ith mé aon bhlas dhá gcuidh beatha fós. An dtiocfaidh tú chúig an teach inéanfacht liom-sa agus beidh biadh níos fearr le fágail agat. Chuaidh sí inéanfacht leithe agus fuair sí biadh uaithe. Lá amháin dubhairt an bhean séo, le bean an tighe peann agus dubhach a thabhairt de mar go raibh sí ag dul ag sgríobh litir abhaile chuig a fear. Aithneóchadh sé mo chuid sgríobhnóireacht agus tiocfadh sé mo iarraidh. Chuir tusa an litir seo san bposta. Rinne sí amlaidh. Nuair a fuair an fear an litir chuaidh sé go dtí an sagart agus dinnis sé an sgéal dhó. Dubhairt an sagart leis gan a dhul dhá h-iarraidh. Mar má thagann sí, ní bheadh agat i gcomhnaidhe acht troidh. Bhí(continues on next page)
- Informant
- Miceál Ó Ráighe
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Calaidh, Co. Galway