Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- Farravaun, Co. Galway
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 420
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo cuid de na h-ainmneacha do bhí ar na scoileanna do bhí fadó sul ar cuireadh scoileanna Náisiúnta ar bun. Scoileanna Eigse, Scoileanna Scairte, agus Gearr Scoileanna. Do bhí múinteóir ag muineadh i sóiléir síos fán altóir sa séipéil. Bhí doras ar an dtaobh amuigh chun dul isteach. Tá sé le feiceál fós ar áit a raibh sé. Inghean Carbat a bhí ag múineadh annsin.Seo cuid des na h-áite mar a raibh scoil fadó. Bhí scoil i Tráigh Árd i bhFarabhán agus bhí scoil eile mar a bhfuil an séipéil anois. Séan na Scoile ab ainm do'n múinteóir a bhí i dTráigh Árd agus Pádraigh Seóighe a bhí ag múineadh sa séipéil. Lá amháín tháinig an cigire agus bhí sé amuigh ar Oilean Bhobaí (?) ag fiadhach. D'iarr an chigire ar na páisdí cá raibh sé agus dubhradar leis go raibh duine ag bádhadh agus go ndeacha sé amach chun é a shabháil. Leige saor é.So bhíodh múineadh ar siubhal i dtighthibh na bhFeirmeóirí fadó. Is amuigh fan aer a bhíodh siad ag múineadhan lá bréagh. Ní(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Úna Ní Luideáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bairbre Ní Luideáin
- Inscne
- Baineann