Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- Farravaun, Co. Galway
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 370
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níor chuala mé mórán faoi stoirmeacha ach amháin faoi "Oidhche na Gaoithe Móire." Adeirtear gur siar i Rosmuc a thosuigh an stoirm. Do leag sé na tighthe agus na stáblaí go léir beagnach agus rinne sé go léor díoghbhála do gach rud. Adeirtear go raibh go léor iasg suas ar bhruachaibh Loch Coirib agus bhí an ghainimh freisin suas ar na bruachaibh. Sguab an stoirm go léor báda freisin. Adeirtear go raibh go leor daoine nár chuala an stoirm cor ar bith. Bhí fear agus a bhean ina gcómhnuidhe síos i nGleann agus ar maidin a d'eirigh, nuair d'éirigh an fear chroch sé síos na fataí agus chuaidh sé amach. Chonnaic sé go léor sórt fintanach ar an loch. Tháinig sé isteach arís agus dubhairt sé leis an mnaoi go raibh rud cosamhail le díon na tighthe ar an loch. Dubhairt sí leis dul amach ar an gcruachán agus féachaint ar na tíghthibh. Chuaidh sé amach agus nuair a tháinig sé isteach arís dubhairt sé "dheamhain teach ar an sráid nach bhfuil scuabtha taréis na h-oidhche," agus níor mhothuigh siad-san aon rud. Fuair go léor daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 50