School: Magh Cuilinn

Location:
Maigh Cuilinn, Co. Galway
Teacher:
Donncha Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 187

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 187

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Magh Cuilinn
  2. XML Page 187
  3. XML “Pisreoga i dtaobh Lá Bealtaine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bliadhain d’aois. Bhíodh sí ar faire ar an sgeich seo lá agus oidhche agus ní leigfeadh sí rud ar bith in aice leí. Bhíodh sé ag faire ar an ngabhar agus ar an asal a ghabhadh an bealach mar rud ar bith a d’íosfadh an gabhar nó an t-asal ní fhásfadh sé go deo.
    Ar cuma ar bith bhíodh sí ag casadh an túirne faoi’n sgeich sin maidin Lae Bealtaine. Bhiodh teine aici ann freisin. An chéad duine d’feicfeadh an túirne nó an deatach is cuma fear, bean nó páiste a bhí ann bheadh sé nó sí curtha bliadhain ó’n lá sin.
    Bhí fear ina chómhnaidhe in aice na mná seo. Bhí an – fhaitchíos air eirghe go moch maidin lae Bealtaine ar faitchíos go bheicfeadh sé an bhean ag casadh an túirne. D’ fhanadh sé faoi’n bpluid go dtí dó- dhéag a chlog.
    Dubhairt sé le fear lá amháin “B’fearr liom ná an bhudóg is fearr dár thóg mé ariamh dá mbeadh an sgeach sin leagtha”. Dubhairt an fear eile leis “Tabhair deich sgilleacha domsa agus leagfaidh mise í bíodh an diabhal istigh ann”.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chonchubhair
    Gender
    Female
    Address
    Claídeach, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Ó Conchubhair
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    Claídeach, Co. Galway