School: Baile Nua (roll number 15331)
- Location:
- An Baile Nua, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ua hUigín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua
- XML Page 082
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ina chomhnaidhe i bparóiste Chill Ainin, Uachtarárd, tuairm's dhá scór bhliadhain o shoin, dár b'ainm Maithrias Ceartar.”
(continued from previous page)sagart
Tar éis tamaill tháinic Maithtias isteach ag an sagart. "Creidim go raibh tú ag cur tuille breitheamhnais aithrighe ar a leithéide seo de sean-bean?" arsa an sagart. "Muise bhíos," arsa Maithtias. "Bhuel cuirimse de bhreitheamhnas aithrige ortsa, turas a thabhairt go Cruach Pádhraigh ar do ghlúnaibh," arsa an saghart. Padhraigh an t-ainm a bhí ar an sagart freisin. "Dona go leór," arsa Maithtias acht caithfear é a dheanamh," agus annsin d'imthig sé.
Níor bhfhada gur thosaigh na daoine ag gáiridhe arís. D'fhiafhruigh an sagart cé faoí an raibh an gáiridhe, agus dúbhairt duine eicínt, "Maithtias Ceartar atá ag siúbhal ar a ghlúnaibh ar do chruach mhóna, agus atá gá leagaint." "Ó chuir isteach go beó agam é," arsa an sagart. Nuair a tháinic Maithtias isteach, dúbhairt an sagart: "Cuirimse de bhreitheamhnas aithrighe ort a dhul trí oidhche ag cumhdach na roilige." "Dona go leór acht caithfear é a dheanamh," arsa Maithtias. "Acht tá súil agam go dtiúbhraidh tú(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ua Fáthartaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ua Cearra
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway