Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 067
- XML “Seanscoileanna”
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)A mhuinnéal. Sin é deire Sturrip.
- An t-Aonach
Bhíodh na haontaighe fadó díreach mar atá siad anois. Bhíodh aontaighe gach mí I n-Uachtar Árd I Mágh Chuilinn agus i nGaillimh.
Theigheadh na ceannuightheóirí ó thigh go tigh ag ceannacht stoic . theigheadh Peter Ashe agus Máirtín Ashe thart.
Gach aonach a bheadh i nGaillimh agus i Mágh Chuilinn agus in Uachtar Árd tugthar “custom” ar gach beithidheach. Dá mbeadh an ceannúightheóir in éineacht leis an díoltóir bheadh ar seisean é a íoc.
Tugtar éirnist lé gach beithidheach a díoltar. Tugtar sé pingne lé gach banbhabh sgilling lé gach muc agus leath-coróin lé gach beithidheach eile.
Nuair a bhíonn sé beagnach ina mhargadh idir beirt tagann fear eile isteach agus déanann sé margadh eadtorra. Is le salachar a marcáiltear iad. Tugtar an ceannrach a bhíonn ar gach beithidheach leo chun iad a thabhairt abhaile. San am san bhíodh margadh in Uachtar Árd gach dara Diardaoin den (bhliain) mhí.
Bíonn aonach i MághCuilinn fós gach mí do mhuca agus do bhanbhaibh. Bhíodh aonach ann fadó do cholpaí agus capallaibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Chalaidh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Mícheál Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann