Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. Galway
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 048
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean ann fadó agus bhí triúr mac aice. Nuair a bhí an chéad mac sean go maith, dúbhairt sé go raibh sé in am aige a dhul ag saothrú a bheatha go cheann tamall.”
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.Scéal
“Aon uair amháin bhí fear ann, agus bhí sé ag ithe cnó i gcomhnuidhe.”
Sgéal.Aon uair amháin bhí fear ann, agus bhí sé ag ithte [!] cnó i gcomnuidhe. Fuair sé bás annsin, agus cuireadh é sa roilig. Bhí teach ar bhruac na roilge, agus bhí fear agus a mháthair in-a gcomnuidhe ann. Dubhairt an fear nuair a bhí sé ag fághail bháis, mála cnó a chur faoí na cheann sa gconra. Aon oidhche amháin chuaidh beirt fhear, amach go dtí an áit a raíbh an fear curtha. Thosuigh duine aca ag briseadh cnó, agus chuaidh an duine eile, ag iarraidh caora, lé go gcuirfidís slabhra uirthí, chun go gceapfadh muinntir an tighe gurbh é an diabhal a bhí ann. Chuaidh an fear agus a mháthair amach, go bfeicfidís ag briseadh na gcnó. Bhí a mháthair ar a dhruim ag an bfear, agus shíl an(leanann ar an chéad leathanach eile)