Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal

Suíomh:
An Spidéal, Co. Galway
Múinteoir:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí seanfhear fadó ann, agus bhí sé ag brionglóid go raibh pota óir faoi dhroichead baoí luimnigh.

    Sgéal
    Bhí sean-fhear fadó ann, agus bhí sé ag brionghlóid go raibh pota óir faoí dhroichead baoi luimnigh.
    Dubhairt sé le na bhean lá go dtiochfadh sé dhá chuartughadh. Dimthigh leis lá go dtáinig sé go dtí an droichead. Thosuigh sé ag siubhal anonn agus análl faoi an droichead dhá chuartughadh.
    Bhí sé dhá chuartughadh an dara lá, an tríomhadh lá, tháinig sean-fhear go dtí é,. D'iarraidh sé dhó céard a bhí sé ag cuartughadh. Dubhairt sé go raibh sé ag cuartughadh pota óir. Dubhairt an shean-fhear leis a dhul abaile, go raibh pota óir thiar an Úirid ag cránn, taobh amuigh gan tórram. Dubhairt sé leis a dhul ann ag léitheid seo go am san oidhche, agus an pota a thóigáil agus a dhul go léim thar chlaidhe na tórrann. Bhí an rud ag faire ar, agus dubhairt sé mar a mbeadh sé inthigh thar chlaidhe na tórrann go mbeadh sé marbhúghadh. Thug sé an pota abhaile ag a bhean. Bhíodar ag bruth fataí agus rán leis an bpota. Tháinig sgoláire bocht isteach lá amháin, rug sé ar an gclár a bhí ar an tinteán.
    Thosuigh sé ag breaghnughadh ar. D'iarraidh sé den tsean-bhean cá bhfuair sí an clár, mar seo agus mar siúd adeir an tsean-bhean, tá sé annsin lé fada, níl fhios agam cá bhfuair an tsean-fhear é. An dtuirfadh dhom é a deir sé. Ní tiubharfadh arsa sise. An ndíoladh liom é adeir sé. Ní dhíolainn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Culáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Both Loiscthe Íochtair, Co. Galway