Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)

Suíomh:
Lisheennaheltia, Co. Galway
Múinteoir:
Cáit Ní Choisdealbha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 088

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 088

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Leathanach 088
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann úair amhain. Bhí sí in a comhnuidhe i gCúige Mumhan. Pós sí fear as Cúige Connacht. Ní raibh siad i bhfad pósta nuair a thosuigh siad ag troid. Annsin bhíodh siad ag troid gach uile lá. Ar deireadh cad a dhein sí acht a dhul ar nais go Cúige Mumhan. Ní raibh sí i bhfad imtighthe nuair a chuala sí go raibh an fear marbh agus tháinig sí ar ais. Chuaidh sí go dtí an uaigh in a raibh sé curtha ann. Bhí go leóir neanntóga ag fás ann. Ar chuma ar bith chuaidh sí síos ar a glúnaibh chun cúpla paidreacha a rádh ós cionn a uaigh. Nuair a bhí sí le seasamh suas thuit sí isteach sa leabaidh neanntóga agus dubhairt sí "Is cuma tú bheith beo nó marbh tá an nimh ag siubhal leat."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Nic Bháird
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seósamh Ó Gioblúin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    24
    Seoladh
    Patch, Co. Galway