Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)

Suíomh:
Shanballard, Co. Galway
Múinteoir:
Tomás Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 244

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 244

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean Bhaile Árd
  2. XML Leathanach 244
  3. XML “Naomh Patrún Ceirbhill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'Sé Naomh Ceirbhill naomh patrún an paróiste seo. De mhair sé san t-sean aimsear uair eicínt idir an séamhadh agus an naomhadh aois. De thóg sé mainistear dó féin agus d'á manaigh sa bparóiste. De réir an seanchuis tógad é de cré agus sgolaibthte. Do glac an paróiste a ainm agus tá sraidbhaile sa bparóiste fós a bhfuil an t-ainm Cluain-Caoin-Ceirbhill air. Insan tsraidbhaile atá fothracha an tsean mainistear suidhte agus é i lár sean-roilce. De réir seancas na ndaoine is ins an roilg seo a cuireadh naomh Ceirbhill. Tá an uiagh ann fós agus 'sé leabaidh Naoimh Ceibhill an t-ainm a tugtar air. Tá sean nós imeasg na ndaoine nuair a bhíos duine d'á cur fágtar an comhra ar an uaigh seo ar feadh cúig nóiméad nó mar sin agus deirtear paidreacha i rith na hama seo.
    Nuair a bhí an naomh in a chomhnuidhe sa bparóiste deirtear go ndearna sé míorbhuilt mór iongantach. De réir seanchuis bhí míol mór uathbhásach in a chomhnuidhe i tobar sa taobh thiar de'n paróiste agus do bhiodh sé ag sladadh na daoine, na stoc, agus na barraí. D'iarr na daoine ar Naomh Ceirbhill a theacht go dtí an tobar agus an míl a mharbhú . Tháinic sé agus le neart a phaidreacha de roinn sé an míol i ndá roinnt agus chuaidh roinnt amháin leis an sruth agus an roinnt eile in agaidh an tsrutha. Ní fhaca duine ar bith é o'n am sin amach agus do bhí na daoine an-bhuidheach do'n Naomh.
    Rinne naomh Ceirbhill miorbhúilt eile sa bparóiste. Bhí naomh eile darbh' ainm Connall in a gcomhnuidhe i gCill Connall agus bhí sé ag tógáil mainistear ag an am céadna is a bhí Naomh Ceirbhill ag tógáil an mainistear i gCluain-Caoin-Ceirbhill. D'iarr naomh Ceirbhill iasacht úirlis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge