School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)

Location:
Shanballard, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean Bhaile Árd
  2. XML Page 245
  3. XML “Naomh Patrún Ceirbhill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    eicínt ó Connall agus tugadh dhó é. Níor chuir naomh Ceirbhill an úirlis ar ais arís nuair a bhí sé réidh leis agus b'éigin do Naomh Connall teachtaire a chur leis an úirlis a thabhairt ar ais dhó. Bhí fearg ar Naomh Ceirbhill agus thug sé mallacht ar baile fearann Cill Connall, "nach mbeadh aonach go deo i gCill Connall nach ndoirtfear fuil ann". Thug Naomh Connall mallacht eile ar Cluain Caoin, "go mbeadh corp le fághail i gCluain Caoin gach Dia Luain". s D'athruigh Naomh Ceirbhill an mallacht seo ar faithcíos go mbudh corp duine marbh a bhfuighthe ann agus do ghuidh sé go mbudh é corp éin marbh a bhfuighthe ann.
    Tá tobar beannuighthe sa taobh thiar de'n pharóiste a bhfuil a ainm air fós. Tobar Naomh Ceirbhill a tugtar air agus bíonn pátrún ann gach bliain ar an triomhadh-lá-dhéag Meitheamh. Coinnightear an lá seo mar lá saoire i bparóiste Guirtín agus teigheann na daoine ar aifrinn. Ní déantar aon obhair chor ar bith agus deirtear go mbíonn mí-adh ar duine a n-oibreanns ar an lá seo. Níl aon paidir ag na sean-daoine a bhaineann leis an naomh. Má bhí aon paidir ann sa t-sean aimsear tá sé caillte anois. Báistead a lán páistí d'ainm Ceirbhill ann fado ach ní tugtar an t-ainm sin anois acht ar chorr dhuine.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish