School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)

Location:
Shanballard, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 208

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 208

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean Bhaile Árd
  2. XML Page 208
  3. XML “An Cóiste Bodhar”
  4. XML “An Chailleach Bhéarach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chuaidh sé síos go dtí an abha a bhí in aici an teach. Nuair a bhí sé ag siubhal ar an ath atá thar an abhainn tháinic cóiste mór in a dhiaidh agus do mharbhuigh sé é agus ar an nóiméad céadna fuair a athair bás ins an teach. O'n am sin go dtí an lá indiú deireann daoine go bhfeiceann siad an cóiste bodhar agus a lán daoine uaisle ag siubhal timcheall an áit in a raibh an teach an fado agus clointear fúmanna brónach agus torann roth ag casadh ó'n áit in a raibh an áth san abhainn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An Caileach Bhéarach
    Tá aithne agam ar áit ar a dtugtar Teampall Míle agus deireann daoine gur chomhnuidhe an Caileach Bhéarach annuair eicínt. Tá fothracha trí séipéal ann anois agus deirtear gur é sin an áit a bhí socruighthe leis na seacht eaglaisí atá i nGleann dá Loch a thógáil ar dtús. Lá amháin bhí troid idir duine de na manaigh agus an Caileach Bhéarach faoi rud eicínt agus dubhairt an caileach go gcuirfeadh sé coisg leis an obair a bhí na manaigh agdéanamh. Dubhairt an manach leithe na raibh sí in-dhán é sin a dhéanam agus dubhairt an caileach go ndéanfadh sé é an oidhche sin. Chuaidh an chaileach abhaile annsin agus d’imthigh an manach ar ais d’á obair féin. Ní raibh cead ag na manaigh abhrith ag tógáil na séipéal san lá acht gach oidhche do bhiodh siad ‘ghá dhéanamh agus dá bhfeiceadh duine ar bith iad caithfeadh siad coisg a chur leis an obáir. Is dócha go raibh fios ag an chaileach ar sin mar seo é an chaoi do chuir sí cosg leis an obair. Bhí duine de na comharsan tinn ag an am agus nuair a bhí sé mall san oidhche chuaidh an caileach leis an duine sin fheiceál. D’fan sí san teach go raibh sé tar éis do dhéag a chlog agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. hags (~139)
          1. Hag of Beara (~28)
    Language
    Irish