'Sé Naomh Ceirbhill naomh patrún an paróiste seo. De mhair sé san t-sean aimsear uair eicínt idir an séamhadh agus an naomhadh aois. De thóg sé mainistear dó féin agus d'á manaigh sa bparóiste. De réir an seanchuis tógad é de cré agus sgolaibthte. Do glac an paróiste a ainm agus tá sraidbhaile sa bparóiste fós a bhfuil an t-ainm Cluain-Caoin-Ceirbhill air. Insan tsraidbhaile atá fothracha an tsean mainistear suidhte agus é i lár sean-roilce. De réir seancas na ndaoine is ins an roilg seo a cuireadh naomh Ceirbhill. Tá an uiagh ann fós agus 'sé leabaidh Naoimh Ceibhill an t-ainm a tugtar air. Tá sean nós imeasg na ndaoine nuair a bhíos duine d'á cur fágtar an comhra ar an uaigh seo ar feadh cúig nóiméad nó mar sin agus deirtear paidreacha i rith na hama seo. Nuair a bhí an naomh in a chomhnuidhe sa bparóiste deirtear go ndearna sé míorbhuilt mór iongantach. De réir seanchuis bhí míol mór uathbhásach in a chomhnuidhe i tobar sa taobh thiar de'n paróiste agus do bhiodh sé ag sladadh na daoine, na stoc, agus na barraí. D'iarr na daoine ar Naomh Ceirbhill a theacht go dtí an tobar agus an míl a mharbhú . Tháinic sé agus le neart a phaidreacha de roinn sé an míol i ndá roinnt agus chuaidh roinnt amháin leis an sruth agus an roinnt eile in agaidh an tsrutha. Ní fhaca duine ar bith é o'n am sin amach agus do bhí na daoine an-bhuidheach do'n Naomh. Rinne naomh Ceirbhill miorbhúilt eile sa bparóiste. Bhí naomh eile darbh' ainm Connall in a gcomhnuidhe i gCill Connall agus bhí sé ag tógáil mainistear ag an am céadna is a bhí Naomh Ceirbhill ag tógáil an mainistear i gCluain-Caoin-Ceirbhill. D'iarr naomh Ceirbhill iasacht úirlisAn Dothra Bheag