School: Baile Nua (C) (roll number 16803)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí gach cineál bídh aige. Tar éis naoi míosa bhí mac óg ag an mbrídeóg agus dúbhairt sí leis lá; Pé ar bith áit a bhfuil t-athair caithfidh mé é do fhághail duit. Fúair sí a chuid airm réidh agus caith sí an céad oidhche san áit ar fhág sé an builín aráin. Chait sí an dara oidhche sin [!] teach ina raibh an cáis agus an tríomhadh oidhche san teach in ar fhág sé an buidéal fíona. An ceathrúmhadh lá tháinic sí chuig an duine-úasail do ith na trí h-úbhla. "Bhfuil aon mac agat", a deir sí. "Tá, beirt" arsa an fear. "Bfell tabhair annseo íad go bhfeicfidh mé íad." Tháinic an mac is sine agus dúbhairt sí leis, "Raibh tusa i ngáirdín na brídeóg[a] "Bhí", a deir sé, acht ní raibh sé inann cuir síos faoi. Tháinic an dara fear acht ní raibh seisean inann aon ceó a innseacht faoí "Raibh aon mac eile agat," a deir sí leis an t-sean-fhir. "Bhí," arsa sé, "acht thuit sé shíos chuig(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Catháin
- Gender
- Male
- Address
- Lissaniska, Co. Galway