School: Baile Nua (C) (roll number 16803)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i seomra eile. Chonnaic sé rolla cáise acht núair bhain sé píosa de bhí sé san méad céadhna arís. Chúaidh sé isteach i seomra eile anois agus bhain sé blogam as buidéal fíona a bhí ar an mbord acht bhí sé san méid céadhna arís. Chuir sé é ina phóca agus chúaidh sé isteach i seomra ina raibh an brídeóg. Bhí clíabháin óir aice agus chúaidh sé isteach ánn in éindígh léithí. Thosuigh an iolra ag blaoidh air annsin agus chúaidh sé isteach faoí na sgíatháin aríst go dtáinic sé go teach an t-sean-fhir. Bhíodar ina suidhe go maidin ag ithe builín agus cáise agus ag ól fíona. Núair a bhí sé ag imtheacht ar maidin thug sé an builín don fear.
D'imthigh sé go teach an driothúir annsin agus bhíodar ag ithe cáise agus ag ól fíona go maidin geal. Núair bhí sé ag imtheacht ar maidin thug sé an rolla cáise don bhean. Chúaidh sé go teach an driothúir annsin agus chaith sé an tríomhadh oidhche ánn. Núair bhí sé ag imtheacht ar maidin thug(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Catháin
- Gender
- Male
- Address
- Lissaniska, Co. Galway