School: Baile Nua (C) (roll number 16803)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Clog i dTobar BerneáinSgéal.
Bhí fear i Lios an Uisge cúpla blíadhain ó shoin. Bhí sé an-bhocht. Bhí naíre air dul chuig an Aifreann mar ní raibh a chuid éadaigh go maith.
An Domhnach seo bhí na daoine ins an mbaile beag bailighthe leó chuig an Aifreann ach é fhéin. Chúaidh sé súas go Cnoch Rúaidh agus d'fhéach se ina thimpeall. Bhí gach áit úaigneach. Chúaidh sé isteach chuig Tobar Naoimh Bearnáin agus d'ól sé uisge beannuighthe as an tobar. Chúaidh sé amach agus chúaidh sé thart timpeall an tobair ag déanamh turais.
Núair a bhí sé déanta aige chúaidh sé isteach san tobar arís, agus thosuigh sé ag guidhe. Chúala sé clog dhá bhualadh san tobar mar a bheadh clog an Aifrinn ag glaodhach ar dhaoine dul chuig an seipéal. Ó'n Domhnach sin amach níor fhan sé sa mbaile, chúaidh sé chuig an Aifreann; giobhlach is a bhí sé.Tobar Bernáin -
Tobar beannuighthe san
gceanntar so ar bhárr Chnuic
Ruaidh. Bíonn turas ann
lá Fhéile an naoimh 20adh Lughnasa.- Informant
- Bean Mhic Conraoi
- Gender
- Female
- Age
- 53
- Address
- Oakwood North, Co. Galway