Scoil: Baile an Churraigh
- Suíomh:
- Ballincurry, Co. Galway
- Múinteoir: A. L. Ó Maoileannaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí an fírín annsin. bhí an cáilín agus a cháirde ann freisin. Thósuigh an troid. Bhí sgor de claidhmhte ag an fear acht briseadh iad in dhiaidh a cheile agus niorbh fada go raibh an fear marbh. Bhí na daoine an- bhuidheach agus bhíodar go léir ag chur a lamh amach, acht leim Séan ar an eac agus chuaidh sé ins na feire glinte. Sul a chuaidh sé gabh an ban prionnsa ar a bhroig agus thóg sí abhaile é.
Nuair chuala an Rí cad a tharla, ba mhaith leis a fhághail amach cé'n duine a shábhail a inghean. Dubhairt sise go bposfadh sí an duine, a bhí in ann an bhróg a caitheamh. Tháinig na daoine in a sluaighte agus cuireadh an bhróg ar gach ceann acú. Bhí sé ro-mhór do dream amhain agus ro bheag do dream eile. Sa deire chuir Sean droch-eadaigh ar féin agus chuaidh sé chuig an Palas. Ní leigfeadh a fear é isteach ar dtus mar shíl sé gurbh tramp a bhí ann. Thosuigh Seán ag buaileadh ar an doras go h-árd. Tháinig an cháilin chuig an doras agus leig sí é isteach. Thriall sé an bhróg agus chuaidh sé air go deas. bhí fíos ag an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Mhiadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ballincurry, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Mhiadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ballincurry, Co. Galway