School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 120
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an t-am sin. Chaith sé amac an mála i lár na loca agus connaich an mac é dhá caitheamh amac agus níos leig sé ar féin a bhfaca sé an sean-fhear agus tóg sé an mála ar an loc leis an maide ramha i ngan fhios do'n tsean-fhear. Dúbhairt an sean-fhear go raibh sé i n-am aca casadh abhaile. Chuaidh siad abhaile agus cailleadh an seanfhear le ocras. Roinn an beirt mac an t-airgead aca céile agus bhí a ndóthain airgead aca coidhche.
    Cnocán an tSaighdiuir: Tugadh an t-ainm sin air. Bhí saighdiuirí ann fadó ag iarraidh dhul suas ar an gcnoc agus bhí an cnoc an árd. Bhí gach duine de na saighdiuirí tuitte anuas agus bhí an saighdiuir seo i ngár bheith suas ar bharr an cnuic. Agus thuit sé anuas agus marbhuigheadh é. Agus sin é an fág gus tugadh Cnocán an tSaighdiuir air.
    Caladh Bhfuinse: Déirtear go be an fág a fuair an áit sin a ainm. Tá Caladh mór ann agus is uaidh sin a fuair sé a ainm.
    Loch an Iarainn: Tá Loch an Iarainn suidhte ar an Druimór. Tá leac ann cosamhail le iarann.
    Aill na Sgíth: Tá Aill na Sgíth suidhte ar an mbóthar atá ag dul amac go dtí an cnoc. Bíodh na sean daoine ag leigint a sgíth ann fadó agus is uatha sin a fuair an chloc sin a h-ainm.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    An Aird Mhóir, Co. Galway
    Collector
    Máire Ní Chlochartaigh
    Gender
    Female