School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 096
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 096
- XML “Seancheirdeanna - Ag Déanamh Braitlíne”
- XML “Seancheirdeanna - Ag Déanamh Cardáil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Brighidh Ni Flaithbhearthaigh
Áirdmóir Cárna
Fáightte O Tomas Ó Cheannabáin
Árdmóor Cárna - Tá difríocht mhór idir an t-slighe mhaireachtáil a bhí ag na daoine fadó, agus atá ag na daoine anois. Níl an leath oiread anró orra anois i dtaobh oibre agus bhíodh an t-am sin. Do bhí obair mhór orra fadó, agus ní bhíodh móran saothruighthe doibh as ucht. Sníomh agus cardáil an obair is fairsinge a bhíodh ag na mná. Ní bhíodh ina gcumas an olann a chur go dtí an muillean le í fhágháil sníomhtha agus cardáilte. Do chruinnigheadh na mná isteach i gcúpla teach ins an oidhche, agus bhíodh siad ina suighe ar feadh na h-oidhche. Do bhíodh na tuirní cruinnighthe aca in aon teach amháin, agus cúpla péire cartaí, agus bhíodh cuid aca ag cardáil an olann ins na reilócaí agus an chuid eile dhá sníomh. Chaithidís an olann a spíonadh ó na chéile i dtús sul má chardaileadh siad í nó ní bheadh an reiléire déanta ceart. Nuair bhíodh na reileirí déanta sníomhaidís ar an tuirne iad. Bhíodh an tuirne a bhí aca an faisiúnta ar fad. Is amhlaidh a dhéanaidís fein iad. Ar dtús níor mhor dóibh píosa maith adhmaid d'fhágháil nach mbeadh éasgadh é a bhriseadh.(continues on next page)
- Collector
- Peigí Ní Chuálaín
- Gender
- Female
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Flaithbhearthaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway