School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go raibh teach mór aige agus go raibh neart áit le codhladh aige annsin. Chuaidh an beirt acú annsin go dtí an teach mór agus chuaidh an fear bocht a chochladh agus d'imtigh fear an tighe go dtí a theach fhéin. Ní raibh an fear bocht i bhfad i na chodhladh nó gur airigh sé torrann mór millteach. Bh sé ag oscailt an dorais agus ag teacht ins an seómra cúige. Ba tarbh mór a bhí ann agus shíl sé an fear bocht a bhualadh lé na oidhirc acht thug anfear sáith dá sgian ins an gcroidhe dó agus cailleadh é. Faoí cheánn sgathamh eile tháinig cat mór fiadháin isteach agus shíl sé greimh piobáin a fhágail ar an bfear acht níor eirigh leis. Chaith sé féin agus an cat leath-uair ag troid acht marbhuigh an fear é sa deireadh. Sé an chéad rud eile a tháinig ná fear. Labhair sé leis an bhfear a bhí ar an leabaidh agus dubhairt sé leis go mba é an fear a bhfeárr a casadh ariamh leis é. Is iomdha fear adeir sé a tháinig annseo agus cailleadh leis an bhfaitchios iad, acht ó bhí tusa comh maith sin tá pota óir ag bun an tighe agus bíodh sé sin agad-sa. Dubhairt sé go raibh sé féin agus an fear a bhí sa teach sin thall ag troid agus gur marbhuigh sé é féin agus nach bféadfadh sé a dhul go na(continues on next page)
- Collector
- Antoine Ó Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Informant
- Pádhraic Ó Ceannabháin
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway