School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Aille, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Catháin

Filter stories

Back
/ 0557 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0481

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Scéal

Bhí fear fadó ann a bhí an-chleasach.

Sgéal
Bhí fear fadó ann a bhí an-chleasach. Bhí sean-bhean in a comhnaidhe ar an mbaile céadhna a raibh roinnt saobhchan céille uirthi. Aon mhaidin amháin nuair d'éirigh an fear seo ní raibh dada le n-ithe aige. D'imthigh leis chomh h-éasgaidh in Éirinn agus bhí sé i ndon nó gur tháinic sé chomh fada le tigh na sean-mhná seo. Bhí an mac agus an t-athair imthighthe amach agus ní raibh istigh ach an tsean-bhean agus cailín óg. Bheannuigh seisean isteach agus tar éis beagán cainnte d'fhiafraigh an tsean-bhean dó cé raibh sé. "Bhí mé ins na Flaitheas ag déanamh poitín," ar seisean. "An bhfaca tú an dream seo againne ann?" ars an tsean-bhean. "M'anam go bhfacas," adubhairt an fear. "Meas tú an bhféadfá carr eórnan a thabhairt chuca," arsa sise. "Ara tuige na bhféadainn," arsa seisean. Níorbh fhada go raibh carr agus capall faoi réir

(continues on next page)
Collector
Colm Ó Cúláin
Gender
male
Address
Ballinteemore, Co. Galway
Informant
Lochlainn Ó Cúláin
Gender
male
Address
Ballinteemore, Co. Galway
Language
Irish