School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Northampton, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0133

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0133

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0133
  3. XML “Scéaltaí faoi na Sióga”
  4. XML “Scéaltaí faoi Thimpistí Farraige nó Thóiteán Mór a Tharla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    (4) Bhí sean-lánamhain 'na chómhnuide i gCillcolgan darbh' ainm dóibh na Loinnsigh. Í lár na h-oidhche tháinig rap ag an doras agus tháinig beirt fhear árd, láidir isteach. Thug siad a lán airgead do' n sean lánamhain agus dubhairt siad "téigh go Gaillimh go moch maidin agus athruigh an t-airgead le dorchadas na maidne agus muna dhéanann sibh é sin, ní bhainfidh siad aon úsáid as an airgid". Rinne siad mar a dubhradh leob agus ní fhaca siad boctannas ó shoin i leith.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéaltaí faoi Timpistí Fairrge nó Tóighteán Mór a thárla.
    (1) Bhí bean ó Bhaile an Chléire ag baint feamainne agus bhí a muinntir go léir in éindigh leithe. Bhí siad ag obair go dian nó go dtáinig an trathnóna. Ghlaodh an bhean ar bean óg eile agus bhí siad ag siubhal go bhfaca siad an taoille ag teacht isteach. Tháinig fatchíos ar an gcailín óg agus thug an bhean eile misneach di. Bhí an bean ag iarraidh an cailín a bháthadh ar feadh an ama ach bhí an cailín níos láidre ná an bean. "Tar amach" arsan bean "agus glanfaidh muid ár gcosaí. Dhiúltaigh an bhean ach thug an bean eile misneach di agus ar deireadh thiar thall chuaidh sí leithe. Nuair a bhí siad amuigh san bhfairrge rinne an bhean iarracht an cailín a bháthadh ach thosuigh sí ag sgréachaighil agus tháinig a muinntir chomh fada leithí agus chuir siad an bhean abhaile. Sa trathnóna chuaidh na fir abhaile ar [!] fuair siad an bhean crochta le rópa san "manger".
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Congaoile
    Gender
    Male
    Address
    Gortaboy, Co. Galway