School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a ghoidtí an t-im, bí daoine in ann é d'fhághail ar ais. Seo mar a dhéanfadh siad é. Tá plannda beag a fhásann in áiteacha áithrid a mbíonn 'flower' beag bán air.
Bhaineadh siad an plannda sin agus d'fháisgeadh siad ós cionn na cuinneóige é trí h-uaire, a' rádh san am gcéádna
"In ainm an Athair agus a Mhic agus an Spiorad Naomh".
Gheobhfadh siad an t-im ar ais annsin.Seo cuid de na bealaigh a bhí aca leis na ba agus an t-im a chosaint Lá Bealtaine:-a) Ceirt Dhearg a cheangailt ar dhruball na bób) Ceirt Dhearg a chur ar mhaide sceiche agus an maide a chur 'na sheasamh ar an gcarn aoilighc) Na ba a chur isteach ar feadh an lae sind) Chuile Oidhche Bhealtaine théigheadh siad ag an bportach agus bhaineadh siad plannda ar a dtugtar SEÁNLUS (plannda beag a mbíonn 'flower' dhearg air) agus chuimligheadh siad an plannda sin d'úgha na bó. Shábhaílfeadh sé sin ar feadh na bliana í.
NB - Níorbh ait leis na daoine bó ag breith Lá Bealtaine; tá tseir ? ar an lá sin. An laogh a beirtear an lá sin cuirtear scoradh nó gearradh 'na chluais.(continues on next page)- Informant
- P. Ó Nualláin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Kinvarradoorus, Co. Galway