Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- Suíomh:
- Galway, Co. Galway
- Múinteoir: T. Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt fear eicint leis an sagart go raibh siad ag teacht. "Feicfidh muid má thagann" ars an Sagart. Bhris sréanta an capaill annsin agus d'imchigh an dá capaill abhaile agus d'fág siad Gunning agus an báille i lár an bóthari agus ó'n lá sin amach níor bhac sé le Tadhg Bacach.
Bhí tighearna talamh darab Lampuirt i gCaisleán Lampuirt lámh le Bla an Riogh agus bhí sé comh holc leis an Diabhal féin agus nuair a fuair sé bás ní tairneóchaidh na capaill. Bhí siad dá bualadh agus ag iarraidh ortha siubhal in ainm Dé agus ní shiubhalfadh siad coiscéim. Bhí duine an a bhí comh dona le Lampurt fhéin agus d'iarr sé ortha siubhal in ainm an diabhail ag rít siad leo chomh mear is a bhí in a gcosa agus is cosamhail gur chuig an diabhail a thug siad é.
Bhí clannaigh na dtighearaigh annseo ar feadh trí nó ceathar de ghlúntaibh. Níorbh fhéidir iad a dhíbirt go dtí gur thug muintir na gunnaí amach agus gur(leanann ar an chéad leathanach eile)