Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Milltown, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0037
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Domhnach deiridh díobhtha. Seo é an chaoi a ndéantar an turas.
    Téigheann siad naoi n-uaire timcheall an tobair agus naoi gcloch aca. Gach uair a dtéigheann siad thart timcheall an tobair caitheann siad cloch ann agus iad ag guidhe ar feadh an ama go léir. Annsin téigheann siad thart timcheall an tobair trí h-uaire ar a nglúnaibh agus iad ag rádh an Phaidrín agus críochnuigheann sin an turas.

    Seo áit eile a bhfuil tobar beannuighthe ach nach bhfuil ins an bparáisde seo.
    Tá cnoc mór tuairim is sé mhíle ó Thuaim a dtugtar Cnoc Bhearnáin air agus ta átobar beannuighthe ar bharr an chnuic. Tobar Bhearnáin a tugtar air.
    Tá balla nó claidhe mór thart timcheall air agus staighrí cloch ag dul síos 'san tobar. Ghabhann daoine go dtí an tobar sin ar thuras 'san Samhradh. Téigheann siad trí h-uaire thart timcheall an tobair agus iad ag rádh an Phaidrín agus ag guidhe Dé ar feadh an ama. Tugann gach duine buidéal de'n uisge beannuighthe abhaile leis agus ólann siad cuid de go minic mar leigheas d'aon galra a bhíos ortha.
    Ba chara mhór de Naomh Iarfhlaith,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Clashaganny, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Coisdealbha
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann