Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0036

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0036

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0036
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an Paráiste i n-a bhfuil mise in mo chomhnuidhe tá tobar beannuighthe ann í mbaile a dtugtar Damhras air.
    Tá sé tuairm is dachad slat ó'n (?) mbóthar - idir é agus abhainn Dhamhrais agus níl claidh nó sgeach ná aon rud eile dhá chosaint ach tá cloch (?) mór amháin i n-aice leis. Tobairín Pádhraic a dtugtar ar an tobar mar tá sé ráidhte gur ghabh Naomh Pádhraic an bhealach sin nuair a bhí sé ag taisteal na tíre seo agus gur tháinic tart air í nDamhras agus gur shiubhal sé thart go bhfuair (?) sé an tobar sin.
    Fuair sé deoch annsin mar tá rian a dhá ghlúin agus a dhá láimh lé feiceál go fóill ar an gcloich nuair a dísligh sé ar a ghlunaibh leis an deoch a fhághail. Deirtear go raibh sé ag guidhe ann freisin mar tá rian a dhá ghlúin lé feicéal go soiléir ar an leic mhóir. Tá an tobar go h-an salach le billeógaí agus féalaí (?) glas mar níor glanadh leis na ciantaibh é. Níor tugadh uisge ó'n tobar ariamh le h-aghaidh úsáid an tighe ná eile agus níor chuala mé ariamh gur thum aoinne é fhéin ann.
    Tagann daoine ar thuras ann na trí Domhnaigh deiridh de Mí Iúl. Domhnach a' Tobair a tugtar ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Clais an Ghainimh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Coisdealbha
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann