Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Milltown, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leór páirceanna i n-aice lé clais na Spoince, cuid aca - agus claiseanna ionta ach níl aon bpáirc aca chomh h-uaigneach sin lé clais na Spoince. Tá sean-fhothrach 'san bpáirc agus geallaim-se dhuit nach rachfadh aon duine de mhuintear na h-áite seo isteach ins an bpáirc sin nó isteach ins an sean-fhothrach fhéin taréis tuitim na h-oidhche.
Aon oidhche amháin í mí na Samhna 1921 bhí bean as Clais an Thainimh ag dul go dtí teach carad ag iarraidh uirthi dul léithi go dtí an misiún a bhí í mBaile an Mhuilinn mar bhí eagla mór ar na daoine an uair sin roimh na Dubhcrónaigh agus ní théigheadh siad go h-áit ar bith, ins an oidhche leófa fhéin.
Nuair a bhí sí ag teacht abhaile ar a seacht a chlog 'san oidhche ar an mbóithrín atá ag dul thart lé Clais na Spoince chonnaic sí splannc ag éirighe ins an aer ag geata na páirce. Tá an bóithrín sin go h-an-uaigneach ins an lá féin ach níor chuir an splannc seo aon fhaitchíos uirthi agus coinnigh sí siubhal maith suas thar an bpáirc mar cheap sí gur fear a las a phíopa agus cipín a chaitheamh uaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann