Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ach ar an nóiméad sin d'airigh sí torann ins [an ] aer agus ar fhéachaint suas di chonnaic sí solus mór, álúinn agus é ceithre troighthe déag thar a ceann. Dubhairt sí go raibh an solus cosamhail lé naoidheanánín bheag, tuairm is dá throigh ar fha[d] agus bhí sé chomh geal lé lá ins an áit si[n] nuair a bhí an rud seo ag dul thart.
Lean an solus seo bóirín a bhí ag dul go Cill Ghaibhrín agus as sin go Cill Mheadhon. Tháinic uaigneas mór ar an mbean nuair a d'imthigh an solus seo agus níor stad sí de'n rith gur shroich sí a teach féin. Oidhche eile chonnaic an bhean céadhna fearín beag buídheach i n-aice lé Clais na Spoince agus d'imthigh sé as amharc tareis í a thabhair s[ ] 'san gchlaidhe agus cúpla cor a bhaint di. Dubhairt sí in n-a dhiaidh sin gur chualaidh sí torann [m ] í gClais na Spoince tar éis sgaramhaint leis an tsean-fhir.
Bhí an torann chosamhail lé torann a chlointheá i gceardchain agus tháinic sé amach ó'n sean-fhothrach.
Oidhche eile bhí fear óg ag teacht abhaile tar éis cuairt í dteach chomhursan. Thar clais na Spoince a bhí sé ag dul agus d'airigh sé spapaireacht ins an bpáirc agus bhí solus aisteach as an sean-fhothrach [Shea ](leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann