Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Corrandrum, Co. Galway
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)láidir. Bhí faichthíos ar Chnámh dul amach agus níor bhionghnadh é, ach ar deireadh chuaidh sé amach agus thóg an mada in a bhéal é agus d'ith sé é. Dubhairt sé lé Cleite dul amach annsin agus ní tuisge a bhí sé amuigh ná scuab an ghaoth suas san aer é agus ní raibh tuairisg faoi Cnámh nó Cleite nó an teach ar maidin. Uaidh sin amach aon fhear a bhí a dhul a dhéanamh teach dhéin sé é ar an talamh is ísle in a ghabháltas agus sin é an fáth a chifeá gach sean-teach síos sa pholl. Ach Buidheachas mór lé Dia níor tháinic aon stoirm mór mar sin ó shoin agus anois aon duine atá ag dhul a dhéanamh teach tá siad gá ndéanamh ar bhárr árdáin iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Chuain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kilgill, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Mairtín Ó Cuain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Seoladh
- Kilgill, Co. Galway