Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- Suíomh:
- Headford, Co. Galway
- Múinteoir: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- XML Leathanach 0082
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maistre agus má thagann duine eile isteach is ceart do'n duine sin an chuinneóg a thógail tamall agus muna ndéanann sé sin deirtear nach mbeidh aon im ann.
Seo pisreóg eile faoi an chuinneóg splanne a chur fúithí chun an t im a choinneál ann.
Nuair a chailltear duine i dteach stopann duine eile an clog, agus nuair a sguabann sé an t urlár ní dhuireann sé sguabadh an urláir amach.
Ní thugann siad aon airgead do dhuine ar bith Lá Coille mar deireann siad go mbeith siad ag tabhairt amach airgead arís gach lá ar feadh na blinna.
Ní maith le duine bean ruadh a casadh leis ar an mbóthar ar maidin mar deireann sé go bhfuil "diall maoi naomhar i mbean ruadh."
Is maith le duine crúidh chapaill d' fhághail ar an mbótar mar síleann sé go mbead rud maith in dhán dé in a dhiadh sin.
Nuair atá duine ag dul isteach i dteach nuadh beireann siad gach rud atá san sean teach isteach leó mar deireann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Áille
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liss, Co. Galway