School: Cruach Ros (roll number 15532)
- Location:
- Croaghross, Co. Donegal
- Teacher: Colm Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Oileán Thoraighe thoisigh sí ag leigeant isteach uisce. Ní thiocfadh leo lámh-in-uachtar a fhaghail ar an uisce. Thionntuigh an captaoin í thart a' brath rith suas go Bun Chrannaighe acht bhí sí i bhfad síos san uisce agus bhí an tráthnóna cómh ciúin sin is nach sheolfadh sí suas an Loch. Thainic sí isteach ar tráigh Stocair leath mhíle ó'n aít a chuaidh an "Saldanha" síos. Ba é "Emile Maree" ainm an bháid seo. Maidin lá thar ná bharach bhí sí shíos cómh doimhin sin sa ghaineamh nach dtiocfadh leobhtha ií chur 'un fairrge arais, agus d'fhág siad í. Díoladh an chuid is mó dé'n ghual sul a dteachaidh sí faoi ghaineamh agus chumdaigh an ghaineamh an cuid eile dí. Tugadh ar siubhal móran dé'n adhmad agus ná crainn seoil. Le lom-trágha is feidir cuid de na h-easnacha a fheiceal go fóil. Le cupla bliadhain indiaidh stoirm tagann gual isteach ar an tráigh seo agus deirtear gur ó'n "Emile Maree" atá sí ag teacht. Níor baitheadh aon duine uirthí seo.
An tráthnóna a thainic an "Emile Maree" isteach tugadh biadh daobhta agus cuireadh an fhuireann isteach i seomra in a raibh cupla céad uibheacha inntí. Ar maidin ní rabh ubh ar bith fágtha.(continues on next page)