School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Donegal
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 158

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 158
  3. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”
  4. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Teampall Ghallda atá i Ros na Cille anois. Bhí sé in a Shéipeál ag na Caitliocaigh i chead - uair acht baineadh díobhtha é. Tá tobar thall ins an Dumhaigh Mhóir darbh ainm tobar Naomh de Bheadóg. Níl paidir ar bith ag na daoine anois a bhaineann leis an Naomh.
    Ní bhaistear daoine ar bith de réir ainm an Naoimh ins an áít.
    Níl fhios ag na daoine cá h-uair a dtuiteann Féile an Naoimh seo. I gcolumhain an gheafta ins an Teampall Ghallda i Ros na Cille tá cloch agus dealbh cheann an Naoimh air. Bá ghnátach é a úsáíd mar shoitheach i gcomhair uisge choisreachta. D'fheach na Prodasdúnaigh le na bhriseadh acht chá dtiocfadh leó agus annsin d'fheach siad le h-aol a chur leis le na dheánamh comhthrom leis an chuid eile acht chá'n fhanfadh an t-aol suas dóbhtha. Tá an cloch ag gobadh amach ins an cholumhain go fóill.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.