School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Donegal
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 123
  3. XML “Luibheanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ghnídheann chomhair a bheith gach luibh dochar do'n talamh acht is iad seo na rudaí is measa: Copogach, Cál-gort, Feochallán, Buachallán-Buidhe, Fleadh agus rudaí eile. Ghnídheann Copogach, Feochalláin agus Buachalláín-Buidhe an talamh bocht agus múchann na rudaí eile an bárr. Tá cuid mhór luibheanna beaga mar Farbán, Suilín-Buidhe agus rudaí eile acht níl dochar ar bith ionnta.
    Deirtear nach bhfásann Cál-gort nó Fleamh i dtalamh mhaith agus go bhfásann siad i dtalamh olc. Deirtear fosta nach bhfásann Buachalláin-Buidhe, Copogach nó Feochalláin i dtalam olc agus go bhfásann siad i dtalamh maith.
    Deirtear go bhfuil an súbh a bhíonn ar Choll-fáithche nuair a bhruithtear é maith i gcomhair casachtaigh. Tá luibh eile darbh ainm Gairleoc maith i gcomhair an t-slaghdán. Bruithtear é i mBainne agus óltar an súbh a bhíonn air.
    Baintear úsáid as cuid aca mar Slobhac, Duilisc, Machaire an Duilisc agus rudaí eile. Deántar casógaí de'n t-Slabhac agus bruithtear é agus ithtear é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Mac an t Saoir
    Gender
    Male
    Address
    Seanach, Co. Donegal