Scoil: Mín na Croise

Suíomh:
Mín na Croise, Co. Donegal
Múinteoir:
Máire C. Ní Choileáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Croise
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “Scéalta fán Mhadadh Rua - An Madadh Rua agus an Chorr”
  4. XML “Scéalta fán Mhadadh Rua - An Madadh Rua agus an Bhonnóg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí an madadh ruadh ‘na chomhnuidhe le na mhnaoi i gcró beag ar thaobh na choilleadh agus tráthnóna amhain dar léithe go ndeánadh sí bunnóg bhréag fachoinne’n Dómhnuigh. Chuir sí gach eile sheóirt spíosaraí ann:- uibheacha, im, siúcra as risíní agus nuair a bhí sí réidh bruitthe aicí, chuir sí amach ar an fhuinneóig í le fuaradh. Chonnaic an bhunnóg an madadh ruadh ag teacht agus smaoitigh sí gur bhocht an íde a bheárfadh sé uirthí agus gur bfeárr duithe teitheadh. Léim sí anuas de chlár na fuinneóige agus anuas léithe taobh an chnuic mar béadh rotha ann.
    Bhí sgaifte páistí ag imirt agus tcídh siad an bhunnóg ag teacht, leig siad uaill mhillteanach astú fhéin agus léim ‘na diaidh ach ní bhfuair siad ach plac thall agus abhfos agus ar siad:-
    “Ca bhfuil tú gabhail a bhunnoig”?
    Siar annseo de d’aindeoin
    Lán péin a’ “rathaidh” lán péin a rathaidh
    Siúd siar an bunnóg.
    Rith sí léithe go dtáinig sí chuig an dara toigh. Bhí fear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.