Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 106
- XML “Scéalta fán Mhadadh Rua - An Madadh Rua agus an Bhonnóg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amuigh ag bainnt fear corram agus nuair a connaic sé an bunnóg ag teacht, smaoitigh sé gur mhaith an féasta a dheánfadh a chuid páistí oirthí agus dubhairt sé:-
“Ca bhfuil tu gabhail a bhunnóig”?
“Siar annseo de d’aindeoin”
Lán peín ag rathaidh, lán peín a’ rathaidh
Siud siar an bhunnóg!
Chaith sé an chorran na diaidh ach ní bhfuair sé ach sliosna beag amhain de’n chóirneail agus d’imthigh an bhunnóg léithe
Nuair a tháinig sí chuig an tríomhadh teach bhí sean amuigh ag gearradh brosna. Bean bhocht a bhí inntí agus chonnaiceas dí gurb í seo an bhunnóg a bfeárr a chonnaic se ariamh léim sí amach thar an claidhe agus thug iarraidh píosa a bhainnt dé na taobh ach níor eírigh leí:
Ca bhfuil tú gabhail a bhunnóig”?
Siar annseo de d’aindeoin
Lán peín a rathaidh, lán peín a rathaidh
Siud siar an bhunnóg!
D’imthigh an bhunnóg léithe agus níor stad sí go rabh sí ag an fhairrge agus cé tcí sí ‘na sheasadh riompí ach an madadh ruadh ag an chéidh. Ca bhfuil tú ag gabhail arsa’n madadh ruadh léithi. “Tá mé ag gabhail anon trasna’n chuain” arsa sise. “Tá missed ag gabhail fosta ars seisean, agus thig leat gabhail suas ar mo dhruim. “Maith go leor”! arsa’n bhunnóg, agus rinne amhlaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 31
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall