School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 058
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí Rí ann fad ó shoin agus phós sé bean a bhí iongantach bocht. Nuair a bhí siad bliadhain pósta bhí mac óg ag bean an Rí.”
(continued from previous page)Bhí fearg mór ar an Rí agus dubairt sé leis an fhear a bhí aige ag obair go gcaithfeadh sé gur mairbh a bhean an leanbh ná nach rab sé le fágháil. An dara bliadhain bhí mac éile ag bean an Rí agus chuir an Rí ceist uirthi cé b’fearr léithi a bheith ag tabhairt aire díte.
Dubhairt sise gur fhearr léithi a deirbhsiúr fhéin na duine ar bith éile. Nuair a bhí an leanbh cupla lá de aois chóirigh an deirbhsuír piusín beag agus chuir sí isteach san chliabhán é agus chaith sí an leanbh amuigh ar thaoibh an bhealaigh mhóir agus tháinig sí fhéin na bhaile. Bhí an fhear céadna ag dul thart ag díol feola an lá seo arais agus thug sé an leanbh leis i bhaile. Nuair a tháinig an Rí na bhaile bhí fearg an-mhór air agus dubhairt sé leis an fhear a bhí aige ag obair go(continues on next page)