School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 068
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí girrseach bheag ann uair amháin darbh ainm Máire agus fuair a máthair bás nuair a bhí sí na leanbh agus phós a h-athair arais.”
Bhí girrseach bheag ann uair amháin darbh ainm Máire agus fuair a matháir bás nuair a bhí sí na leanbh agus phós a h-athair arais. Bhí beirt ingheanacha aici seo agus ní rabh meas ar bith aici ar Mháire. Ní thabharfaidh sí a dhath dó Máire le h-ithe acht cuid croicne na bpréataí agus chuireadh sí amach i bhuachailleacht caorach agus eallach gach lá ar Chnoc a bhí a's cionn an toighe. Gach lá thiocfadh caora dubh fhad léithi agus spréidheadh sí bráithlín gheal de achán seort bidhe faoi Mháire agus d'íosfadh sí a sáith agus nuair a racadh sí na baile bhéadh iongantas ar an leas-mhathair nuair nach mbéadh sí abálta a dhath a ithe. Lá amháin smaoitigh an leas-mhatháir go racadh sí amach go bhfeicfeadh(continues on next page)