Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal fá na Daoine MaitheThug na Daoine Maithe leó fear darbh ainm Micheal ó Gallchabhair as Caiseal-na-gCorh siar fhad leis na Ceallaigh beaga ag marcaigheacht ar bhoachallán buidhe.
Níl Micheal é fein beó anois ach tá a chlann annsin.
An oidhche seo bhí micheal ag teacht na bhaile indiaidh a bheith ag áirneal, agus bhí sé i dtrathadh meadhon oidhche.
Mhothuigh sé an gleó agus an callán istoigh i gcuibhreann agus sheasuigh sé ag amharc isteach sa phairc, bhí fá thuairim scór daoine beaga istoigh sa pháirc, ach níor chuir seo aon eagla ar Mhicheal mar bhí croidhe iongantach láidir aige.
Chuir Micheal fáran rompa agus dubhairt sé leobhta "Dia Dhaobh a Dhaoine uaisle" agus d-fheagar siadsan ar aon fhocal amháin "Dia is Muire dhuit, air mhaith leat ar dhul linn píosa anocht" "Ó chá chuirfinn suas dó" arsa Micheall "tá bhur gcuideachta go han dheas, "bhal" arsa duine den mhuintear "léim ar an chapall seo agus bhéirfidh muid ar shiubal píosa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seamús O Brogain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Domhnall O Broghain
- Inscne
- Fireann