School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)

Location:
Mín an Chladaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Fhionnaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 268

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 268

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Chladaigh
  2. XML Page 268
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal (continued)

    Bhí fear na chomhnuidhe ar an Bhealtaine Bheag fada ó shoin a rabh Séamus 'Ac Fhionnghaile mar ains air.

    (continued from previous page)
    fada go leór, agus annsin dubhairt Séamus “Sé an doigh a bhí againne sa bhaile, nuair a bheadh a shaith ithte ag duine leigfheadh sé amach an mhéid a bhí ithte aige”.
    D’éirigh se, thug leis an claidheamh agus gheárr an croiceann, agus leig sé amach an biadh a bhí ithte. Ní rabh sé acht ag leigint air go rabh sé ag ithe; bhí sé ag cuir an bhidh isteach sa’ chraiceann.
    Dubhairt a fathach sa’ deireadh go rabh sé fhéin lán. Thug sé leis sgian agus stróc é fhein, acht thuit sé marbh. Thoisigh an t-sean chailleach a’ throid le Séamus. “Is deas an rud atá deánta agat le mó thriúir mac” arsa sise.
    Dubhairt Séamus go dtiocfhadh leisean iad a dheánamh beó arais. “Deán trí bháll beaga aráin agus cuir síos ar an teinidh iad”. Rinne sí seó, acht deirfheadh Séamus achan bhomaite leithe nach rabh siad fada go leór siar aici. Sa’ deireadh, chaith sé í féin isteach sa teinidh agus doigheadh í.
    Chuaidh Séamus na bhaile chuig an Rí agus bhí luthgháir mór air-sa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Mín an Chladaigh, Co. Donegal