School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do na daoine na dhiaidh seó nach dtabharfhadh sé beirt do Thomás, go dtí go rabh carr an óir rannta.
Ach indhiaidh an iomláin bhí Tomas ag mairgnigh fa’n ór, ag radh gur mhaith do Sheán an méid a bhí aige fein. Sa deireadh rinne Seán malairt leis agus chongbhuigh sé an chuid a ba lugha de.
D’imthigh Seán leis agus bhí sé ag siubhal go dtáinig an oidhche air, agus fuair sé lóistín i dteach. Cuireadh ceist air an rabh ocras air. Dubhairt Sean go rabh. Thug fear an toighe bocsa anuas as an t-seómra agus d’fág ar an tábla é. “A bhocsa, deán do chuid oibre” arsa seisean. le sin líon an tábla de gach uile chineál bidh agus dith Seán a shaith. Smaointigh sé gur mhaith an rud an bocsa sin a bheith aige féin. Nuair a chuaidh sé a luighe an oidhche sin níor codhluigh sé, agus nuair a mheas sé go rabh muinntir an toighe na gcodhladh d’éirigh sé agus thug leis an bocsa. Shiubhal sé leis gur casadh fear air agus bocsa eile leis. Chuir Seán ceist air an rabh ocras air. Dubhairt an fear go rabh. Labhair Seán(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Bhriáin
- Gender
- Female
- Age
- 14