School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 249
- XML “Oisín i dTír na nÓg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig sé ar sgaiste mór fear agus iad ag iarraidh cloch bheag a bhogadh agus gan é ag teacht leó. Bhí iongantas air chomh beag brigh agus bhí ionnta. Chuir sé síos a láimh leis an chloch a thógailt ach bhris an bheilt leis agus thuit sé ‘un talaimh. D’imthigh an t-each bán leis. Chomh luath agus bhuail Oisín an talamh d’éirigh sé na sheanduine chríon chaithte, agus ní rabh ann acht é go rabh sé ábálta siubhal: Bhí sé buaidheartha, brónach agus ní fhaca sé Tír na n-Óg ní ba mhó.
Bhí Naomh Pádruigh in Éirinn san am agus lá amháin casadh é féin agus a chomhluadar ar Oisín agus nuair a chualaidh sé an sgéal iongantach a bhí ag an seanduine dubhairt sé leis go mbaisteóchadh sé é. Rinne sé sin agus fuair Oisín bás ar an bhomaite.- Collector
- Méadhbha Ní Bhriáin
- Gender
- Female
- Age
- 14