School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 241
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht 7 ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.”
(continued from previous page)annseó aicí agus gur mhór an truaighe é fhágail. “Bhéarfhaidh muid linn ar saith dó” arsa seisean.
Thug siad leó an méid a thainig leó de’n óir annsin agus d’imthigh siad go dtí an caisleán a rabh na sgillingeacha air. Bhí lúthgháir uirthí-sé rómpa, agus dubhairt sí leó, “fanóchadh sibh annseo agam-sa, is mór an truaighe an áit seó a fhágail”.
“Ó, bhéarfhaidh muid ar saith linn” arsa an buachaill “agus rachfhaidh muid ‘na bhaile”. Thug siad leobhtha an méid a thiocfhadh leobhtha do gach ollmhaitheas a bhí sa’ chúirt agus d’imthigh leobhtha.
Nuair a chuaidh siad go dtí an chaisleán a rabh an cúmhdach pingneacha air. Bhí lúthghair mhór ar a ndeirbhshiúr rómpa, agus d’iarr sí ortha uilig fanacht aici-sé feasta. Ní dheanfhadh siad sin acht thug siad leó an méid saidhbhris a’s thiocfhadh leobhtha agus d’imthigh siad ‘na bhaile chuig a n’athair agus a mathair, agus ní rabh daoine fá’n áit a bhí leath chomh saidhbhir leó ón lá sin amach.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal