School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 234
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht 7 ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.”
(continued from previous page)Nuair a chuaidh sé na bhaile trathnóna d’fiafruigh an mhathair dó ca rabh a nighean “O”, ar seisean, “s’íl sí an siubhal a bheith ró-fhada agus tá sí a’ fanacht sa’ coillidh go maidin, acht bhéarfhaidh mé í seó liom imbárach”.
Thug sé leis an darna nighean an lá thar na bhárach agus dhíol sé le fear inteacht eile í ar lán carr de sgillingeacha. Tháinig fear eile chuige annsin agus dubhairt sé leis dá dtabharfhadh sé an triomhadh bean chuige-san go dtabharfhadh sé lán lán a charr de ghinidheacha de. “Maith go leór” arsa seisean. Nuair a chuaidh sé na bhaile d’fiafruigh a bhean dó ca rabh na nighneacha. Dubhairt sé leithe go rabh siad ins an choillidh agus go gcaithfheadh sé an tríomhadh bean a thabhairt leis imbárach.
Nuair a chuaidh sé ‘na coilleadh lá thar na bhárach tháinig an fear a bhí ag cainnt leis an lá roimhe-ré agus lán a charr de ghinidheacha leis. Thug sé leis an nighean a b’óige agus(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal