School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amharcuidheacht ar an chapall agus chuir sé an cailín ar a chúl.Nuair abhí sé giota do'n bhealach d'amharc sé ar a chúl agus bhí an méid beathaigh abhí ar an duithche na dhiaidh, an t-eallach na dhiaidh sin agus na caoirigh na dhiaidh sin go dtí nár fhan an ainmhidhe ceithre-cosach ar an duithche nár lean iad. Chuaidh siad annsin go dtí Cúirt Rí Chruachain Chonnachta.
Dubhairt an cailin leis nár cheart dó imtheacht a shaothrú an chlaidhim.
"Chan dual do righthe luighe faoi na geasaibh."
"Bhfeár liom é mharbhughadh idtroid nó feall ar bith a dhéanamh air. Tá tusa sabhailte air ciaca phillfhid mé nó nac bpillfhidh".
D'imthigh sé leis ar maidin lá thar na bhárach agus char stad sé go rabh sé ag cuan na mbádaí
Chaith sé soitheach ar an fhairrge, bhuail sé port thall faoí chúirt Rí Lochlanach.
Chuaidh sé 'un talaimh agus chuaidh sé suas go dtí cúirt an rí. Chuir an rí fáilte roimhe ins an chanamhaint abhí aige agus d'freagar Rí Chruachain Chonnachta air san nó ceadna.
Rinneas réidh a gcuid annsin, d'ith(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal