Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 50
- XML “Liam na Sopóige”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhí sé réidh arsa Peadar leis "Ta trí athchuinge le fághail agat agat anois.""Bhal," arsa Liam, "tá crann ubhall agam agus bíonn an t-aos óg ag tabhairt leo na n-ubhall. Tá mé ag iarraidh athchuinge, duine ar bith a leagfas a lámh air é bheith ceangailte go scaoilidh mise é. An dara ceann, duine ar bith a shuidhfeas ar mo chathaoir gan é bheith ábalta bogadh go leigidh mise ar siubhal é. An tríomhadh ceann, duine ar bith a rachas isteach ann mo bhocsa, é bheith istoigh go leigidh mise amach é.""Ta sin le fághail agat," arsa Peadar, "ach is olc a rinn tú gan aon cheann a iarraidh do d'anam."Nuair a d'imthigh Peadar cé tháinic isteach ach an diabhal agus é ag tarraingt slabhraidh iarainn 'na dhiaidh agus péire adharc air. "Tá do chuid ama shuas," ar' seisean le Liam. "Ó tharla gur dhíol tú thú fhéin liom-sa, tháinic mé fá do choinne anois.""Maith go leor," arsa Liam, "ach gabh amach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Niall Ó Domhnaill
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Donegal