Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 238

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 238

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 238
  3. XML “An Rí agus a Thriúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí rí i nÉirinn fad ó shoin agus bhí triúr mac aige. Uair amháin tháinic taom tinnis ar an rígh agus ní raibh gach ar bith ábalta biseach a dheanamh de. Scairt sé i láthair ar a thriúr mac agus dubhairt sé leo go raibh fhios aige fhéin caidé dheanfadh biseach de. D'innis sé daobhtha gur ubhlaí a bhí ann a leithid seo d'áit, agus go gcaithfeadh siad imtheacht agus na h-ubhlaí a thabhairt chuige.
    Thug siad leobhtha biadh agus málaí agus d'imthigh siad a chuartughadh na n-ubhall. Nuair a bhí siad tamall maith ag siubhal tháinic siad go dtí crais-bhealach. Seasuigh siad annsin agus dubhairt siad go rachadh beirt aca bealach daobhtha fhéin agus an fear eile a ghabhail bealach do fhéin, agus dubhairt siad go dtiocfadh siad i gcionn a chéile arais ag an chrais-bhealach chéadna i gcionn lae agus bliadna. Dubhairt an fear a b'óige go rachadh seisean bealach do fhéin agus bhí an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Síghle Ní Grianna
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann
    Aois
    21
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal