Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 151
- XML “An Gé Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sé go raibh sé ag gabhail 'n-a coilleadh a bhaint adhmaid.
"Béidh mise leat" ar seisean, "agus bheirfidh mé go dtí áit thú a bhfuigh tú rud eiginteacht is fiú duit a thabhairt leat".
Shiubhal an bheirt leo go raibh siad ag an choillidh. Chuaidh an gasúr bratógach fhad le crann a bhí ann.
"Anois" ar seisean, "toisigh agus tochaill poll síos annsin agus amharc an bhfuigh tú a dhath ann".
D'imthigh an gasúr bratógach annsin agus thoisigh an díofrach a rhochaillt go dícheallach ag bun an chrainn. D'oibir sé leis go géar gasta agus thiocfadh leis agus ní raibh sé i bhfad ag obair gur casadh gé mór óir air. Thóg sé an gé agus chuir sé go curamach faoi n-a ascaill é agus thug leis 'n-a bhaile é.
Nuair a tháinic sé 'un toighe chuir a mháthair cesit air caidé bhí leis...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Domhnaill
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal