Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Tá poll ar rigín an toighe a rachadh seabhac isteach air. Tá leomhan istigh anns an teach. Tá colamán istigh sa leomhan. Tá uibh istigh sa cholamán agus tá eochair istigh san uibh agus go dtí go mbualtar mise isteach sa chroidhe leis an eochair sin, ní thig mé mharbhughadh. Agus ar an tséala sin níor fhéad tusa éad ar bith a bheith ort”.
I gcionn tamaill chuaidh an fathach a luighe agus nuair a chuaidh tháinic mac an Ríogh ann a chrochaidheacht fhéin agus d’innis inghean Ríogh Chnoc an Óir nach mar sin a bhí amhlaidh.
D’éirigh an fathach go luath ar maidín fuair a bhricfeasta agus d’imthigh amach a sheilg. Níor luaithe imthighthe é ná bhog mac an Ríogh leis, amach a bhreathnughadh na háite. Tháinic sé fhad leis an teach iarainn, chuaidh suas ar rigín an toighe agus chonnaic sé an bealach le ghabhail isteach.
Rinn sé fígheadóir de fhéin agus chuaidh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal