Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 41
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a thainic an ceannphort a bhí ar an ghárda isteach, agus dubhairt sé gur éirigh taisme mór do’n rígh, acht go rabh dúil aca go nglachfadh sé leithsgéal a ríogh.
“Och”, arsa Donn Ó Dubhthaigh, “Cha rabh eás ar an rígh liomsa, acht rachaidh mé a amharc air nuair a chuir sé cuireadh orm.
Chuaidh sé suas ar an chóiste, agus nuair a thainic sé anuas de’n chóiste ag teach an ríogh chonnaic gach uile dhuine an bheárnaidh as a ghruaig agus an poll ar bharr a bhútaise.
Bheir ínghéan an ríogh greim air, agus leig sí an dlaoi ghruaige isteach ins an bheárnaidh
“Athair, nach bhfóireann sin?” adeir sí. Bheir sí ar an phíosa éadaigh agus leig ar an pholl a bhí faoi na asgall ar a chasóig.
“Athair, nach bhfóireann sin?” adeir sí. Bheir sí ar a chois dheis agus a’ bhútais uirtí, agus chuir sí a’ chos agus a’ bhútais suas ar a glúin, agus leag sí an píosa leathair ar an pholl.
“Athair, nach bhfóireann sin?” ar sise
“Fóiridh”, ars’an t-athair.
Chuir siad amach fá choinne sagairt méise agus cléireach uisge, agus pósadh a lánamhain. Agus mar go rabh an bhainis thart sul a dtainic Donn Ó Dubhthaigh, is nach bhfuair sé sásamh no(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó hUiginn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Donegal